Foilsiú na Meastachán Athbhreithnithe 2009 do Sheirbhísí Poiblí

“Bainistíocht Smachta ar Bhrúnna Caiteachais”

“Mór-Chaitheamh Leanúnach Caipitil chun díriú ar chruthú jabanna agus ar fhorbairt eacnamaíoch”

Chuir an tAire Airgeadais, an tUasal Brian Ó Luineacháin, na Meastacháin Athbhreithnithe 2009 do Sheirbhísí Poiblí os comhair Dháil Éireann inniu.

Deimhníonn na Meastacháin Athbhreithnithe caitheamh na leithdháiltí a fógraíodh sa Bhuiséad Forlíontach, de réir gach roinne agus Vóta, agus déanann siad miondealú níos mine orthu.

Nuair a foilsíodh Imleabhar na Meastachán Athbhreithnithe, dúirt an tAire Airgeadais:

“Tá míthuiscint ann gur i réimse an chánachais a rinne an Rialtas formhór na gcoigeartuithe buiséadacha. Is í fírinne an scéil go mbeidh i mbliana €4.3 billiún ar a laghad sna laghduithe caiteachais a glacadh ó mhí Iúil seo caite, sin os cionn 3% den OTN. Is ionann na méaduithe cánachais a fógraíodh i mbuiséad Dheireadh Fómhair agus sa bhuiséad forlíontach ná agus €3.8 billiún i mbliain iomlán. Cuireadh na harduithe cánachais i mbuiséad Dheireadh Fómhair agus sa bhuiséad fórlíontach i bhfeidhm d’fhonn €3.8 billiún a thabhairt isteach.”

Beidh €63.9 billiún san ollchaiteachas vótáilte iomlán in 2009. Is méadú de 2.4% é seo ar ghlan-bhonn i.e. agus an laghdú pinsean-coibhneasa san áireamh maraon le fritháirithe ioncaim eile, is athrú de -3.9% é go foriomlán.

Lean an tAire:

sa leithdháileadh de €63.9 billiún do 2009 tá soláthar don mhéadú a tháinig ar an gClár Beo. Cuireann sé seo timpeall €2.8 billiún leis an gcaiteachas foriomlán tuartha in 2009, agus le brúnna eile sa leas sóisialach san áireamh, sin méadú foriomlán sa Leas Sóisialach go dtí €3.6 billiún. Gan na méaduithe seo bheadh titim de 3.3% san Oll-chaiteachas Iomlán, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais chun smacht a choinneáil ar bhainstíocht na mbrúnna caiteachais i gcoitinne.”

Is iad na príomhréimsí caiteachais san IMA (REV) (Reatha & Caipitil) ná:

Grúpa de Vótaí (Comhlán)

2008 (€m)

2009 (€m)

Méadú (€m)

Méadú (%)

Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

17,712

21,271

3,559

20.1

Sláinte agus Leanaí

16,143

15,957

(186)

-1.2

Oideachas agus Eolaíocht

9,241

9,492

250

2.7

Comhshaol

3,169

2,683

(486)

-15.3

Iompar

3,720

3,103

(617)

-16.6

Dlí & Ceart

2,714

2,576

(138)

-5.1

Eile

9,741

8,837

(905)

-9.3

Iomlán

62,441

63,918

1,477

2.4

Caiteachas Caipitil

Tuartar Oll-chaiteachas Caipitil de €1.7 billiún do 2009, sin 19% níos lú ná in 2008. Maolófar éifeacht na gcoigilteas seo ar an gclár caipitil de bharr an laghdaithe atá le feiceáil ar chostais tógála. Tá an caiteachas Caipitil á athdhíriú faoin bPlean Forbartha Náisiúnta chun tionscadail a chothaíonn cruthú jabanna agus cumas geilleagrach. Coimeádfar infheistíocht chaipitil fhoriomlán timpeall ar 5% den OTN – ráta atá an-ard de réir caighdeáin idirnáisiúnta – agus beidh luach níos fearr ar airgead le fáil ag caiteachas Stáit de bharr iomaíocht níos géire maidir le praghsanna tairisceana. Cuideoidh sé seo le treisiú leanúnach substaintiúil sa bhonneagar poiblí, agus na réimsí seo a leanas san áireamh:-

(a)    na Mór-Bhealaí Idir-Uirbeacha a chríochnú;

(b)    infheistíocht shubstaintiúil in iompar poiblí;

(c)    mór-infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne;

(d)    mórchlár do scoileanna;

(e)    Ciste Cobhsaíochta Fiontar;

(f)      infheistíocht in éifeachtúlacht seirbhísí uisce agus fuinnimh.

Scála na hIarrachta chun Caiteachas a Chomhdhlúthú

San IMA (REV) léirítear toradh carnach na dtionscnamh srianta caiteachais ar thug an Rialtas fúthu le linn na bliana seo caite:

  • i mBuiséad Forlíontach Aibreáin rinneadh soláthar le haghaidh coigiltis chaiteachais san iomlán de €1.46 billiún in 2009, agus de €1.8 billiún i mbliain iomlán, le ráta fáis bliain ar bhliain a choimeád ag 2.4% ar oll-bhonn agus ag -3.9% ar ghlan-bhonn.
  • tá sé seo sa bhreis ar na coigiltis de €1.8 billiún nó mar sin a d’fhógair an Rialtas i mí Feabhra na bliana seo, agus ar an gcur chuige smachta i leith bainistíocht chaipitil a bhí mar bhuntaca faoi na leithdháiltí i mBuiséad Dheireadh Fómhair, agus ar na coigiltis agus na bearta éifeachtúlachta de €1 billiún a fógraíodh i mí Iúil na bliana seo caite.
  • Is é toradh na gcoigilteas éagsúil seo ná comhdhlúthú caiteachais foriomlán de €4.3 billiún ar a laghad in 2009, nó níos mó ná 3% den OTN in 2010.
  • Lena chois sin, chuir an Rialtas siar na méaduithe Pá a bhí le déanamh níos déanaí i mbliana faoin gcomhaontú I dTreo 2016, rud a thabharfaidh coigiltis bhreise suas go dtí €1 billiún in 2010.
  • Lena chois, d’fhógair an Rialtas cur chuige ilbhliantúil chun coigiltis bhreise chaiteachais de €2.25 billiún a bhaint amach in 2010 agus de €2.5 billiún in 2011.

Caipiteal le Tabhairt ar Aghaidh

Tá suim de €128.453 milliún de choigiltis chaipitil ó 2008 ar fáil lena caitheamh in 2009 faoi áis na gclúdach caipitil ilbhliantúil um airgead a thabhairt ar aghaidh.

23 Aibreán 2009


 
Users who read this document also viewed
03 January 2013 END-DECEMBER 2012 EXCHEQUER RETURNS Good Exchequer Performance: Taxes Up; Spending on Target  The Minister for Finance,...
07 March 2013Report on Recommendations of Internal and External reviews of GG Debt Statistics
12 March 2013Mercer Review of Remuneration Practices and Frameworks at the Covered Institutions
03 April 2013End-March 2013 Exchequer Statement
27 July 1998Freedom of Information