Déanann an tAire Noonan agus an tUachtarán Jin dul chun cinn ar bhallraíocht na hÉireann de Bhanc Infheistíochta Bonneagair na hÁise

25.01.17

 

Déanann an tAire Noonan agus an tUachtarán Jin dul chun cinn ar bhallraíocht na hÉireann de Bhanc Infheistíochta Bonneagair na hÁise

 

Chuir Michael Noonan TD, an tAire Airgeadais, fáilte inniu (an 25 Eanáir 2017) roimh an Uachtarán Jin Liqun ó Bhanc Infheistíochta Bonneagair na hÁise (AIIB) le linn a chuairte ar an Roinn Airgeadais, áit ar phléigh siad ballraíocht na hÉireann den AIIB.

 

Rinne Éire iarratas ar bhallraíocht den AIIB chun neartú breise a dhéanamh ar ár naisc leis an Áise agus leis an tSín go háirithe agus chun leanúint leis an ról suntasach atá imeartha ag Éirinn thar na blianta i réimse na cabhrach forbartha.

Comhaontaíodh ballraíocht na hÉireann den AIIB go neamhfhoirmiúil agus chuir an tAire Noonan litir fhoirmiúil iarratais na hÉireann ar dhul isteach san AIIB ar fáil don Uachtarán Jin inniu.

Is é aidhm an AIIB ról dearfach a imirt i mbonneagar a fhorbairt ar fud na hÁise agus féachann sé lena chuid oibre a dhéanamh ar bhealach a chomhlánaíonn obair na mBanc Forbartha eile atá i mbun oibre sa réigiún.

Le linn a chuairte ar Bhaile Átha Cliath, bhuail an tUachtarán Jin leis an Taoiseach freisin agus thug sé spreagaitheasc ag an bhFóram Airgeadais Eorpach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt an 24 Eanáir. Rinne Eoghan Murphy, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, óstáil ar an bhFóram agus chuir sé Éire chun cinn mar thairseach chuig AE do sholáthraithe seirbhísí airgeadais san Áise.

 

Ag labhairt dó faoina chruinniú leis an Uachtarán Jin, dúirt Michael Noonan TD, an tAire Airgeadais:

 

“Phléigh mise agus an tUachtarán Jin nascacht mhéadaitheach na hÉireann leis an Áise agus an caidreamh faoi bhláth atá ag Éirinn leis an tSín. Táim ag súil le dul chun cinn a dhéanamh ar bhallraíocht na hÉireann de Bhanc Infheistíochta Bonneagair na hÁise agus is dócha go dtógfar céim mhór chun cinn sa phróiseas foirmiúil iontrála sa chéad leath den bhliain seo.”